Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 228
- XML “Scéal”
- XML “Oíche Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalFadó ó shoin bhí teine cnámh amuig ag muinntir Bún-mór i Baile Chruaich agus tharla go raibh págánach ag dul thart an oidhche ceadna agus chonnaic sé an teine agus chuaidh sé chomh fada leis.Bhí se ag cur iongantas ann agus nauir a bhí se ag téitheadh a lámh chonnaic sé an cnámh agus d’iarr sé tuige a raibh sé insan teine. Dubhairt siad gurbh shin é cnámh Sheáin a bhí ann in onóir dó.“An mbíonn cruinniú mar sin ag na feilte eile” arsa sé.
“Bíonn” arsa na daoine leis.
“Caitiliceach mise feasta” ar seisean. Chuaidh sé go dtí an sagart agus bhí sé in a Caitiliceach ba mhó in Éirinn.- Bailitheoir
- Róise Ní Thachair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ui Tachair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Ballycroy, Co. Mayo
- Oidhche BríghdeOidhche Bríghde téigheann an duine is óga sa teach amach agus tabhrann sé isteach luachair. Nuair a bhíonn sé ag teacht go dtí an doras deireann sé-Téighigidh ar bhur glúna
Fosglaidh bhur súile
Agus leig isteach Brighid.Freagruigheann na daoine istig é agus deireann siad
“Sé beatha, Sé beatha, Se beatha”Téigheann sé isteach annsin agus fágann se an beart luachair ar an urlar. Déanann siad croiseanna annsin agus cuireann siad suas ar na ballai iad agus(leanann ar an chéad leathanach eile)