Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Badán an Bhuilg RiabhaighBhí rí ann fadó agus bhí beirt mac aige ag an aimsir sin bhíodh sean-fhear agus sean-bhean cearc ag na righte ag thabhairt aire de na h-éanlaith agus ag tabhairt bídh dóibh agus bhí páiste diomhaoineach dhá thógáil acu ar bh'ainm dó Badáin na Builg Riabhaigh. Lá amháin bhí an righ ag siúbhalóid thart dhó fhéin ar bhord cladaigh ag déanamh a ghoile agus chonnaic sé corachán beag ag tarraingt air a raibh stiúradh céad duine air agus ní raibh ann acht duine amháin agus thainig sé isteach go dtí an cladach agus ní dhearna sé ach siúbhal suas ag an rí agus é bhualadh le dorn sa mbéal agus bhain sé fiacal as. Thuit an fiacal ar an talamh agus thóig an fear é agus chuaidh sé amach in a chorachán arís agus d'imtigh sé. Chuaidh an rí abhaile agus chuaidh sé isteach in-a sheomra agus níor labhair sé focal ar feadh seacht mbliadhain le aoinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Muiltheach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mayo