Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 231
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an cineál tighthe a bhíodh acu fad' ó sean-tighthe deanta de fódógaí agus scraitheacha agus iad déanta go cruinn acu. I lár an urláir a bhíodh an teine, agus bhíodh an poll deataigh thuas i lár BÁRR an tighe mar bhíodh an BÁRR déanta de fóidí freisin.Ní bhíodh ach doras amháin orra agus gané sin greamuighthe mar na doirse a bhíonns againne anois mar ní bhíodh fráma ar bith ann le n-a choinneailt. Ní bhíodh doras cúil ar bith aca, agus nuair a shéídeadh an ghaoth isteach d'fhágadh siad comhla i n-a sheasamh sa ndoras.Ní bhíodh ach fuinneog amháin orra agus ní bhíodh ach pána amháin i ngach fuinneoig. Tighthe eile ní bhíodh fuinneog ar bith orra, agus annsin bhíodh na tighthe comh dorcha nach bhfeicfeadh siad an duine a chuirfeadh méar i n-a súil.
Pádhraig Ó Taidgh
Ceathrú na gCloch- Bailitheoir
- Máire Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Taidhg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo