Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 240
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí sean iasgaireacht ann fado agus bhí sé ina comhnuidhe i Rós Beag.”
Bhí sean iasgaireacht ann fado agus bhí sé ina comhnuidhe i Rós Beag. Bhí bád bréagh aige bhí sé ar an fhairrge go luath agus go mall.
Bhí trí mhac aige agus shíl sé go bhfearr dó iad a foluimh le iasgaireacht a dhéanadh.
Gach tráthnóna théidhfeadh siad ag iasgaireacht. An tráthnóna seo chuaidh siad amach acht ma chuaidh níor tháinig siad isteach. Nuair a bhí siad trí mhíle nó mar sin ó'n tráigh thoisigh an stoirm agus thionntuigh siad an bád acht níor shroich siad an baile. Thionntuigheadh an bád agus baitheadh an t-iomlán.
Chuaidh an sgéal amach nach dtáinig an athair agus na trí mhic ón fhairrge agus chuaidh sé bhád amach a chuartughadh acht fuair siad an bád agus sin an méid. Ní rabh na daoine le fághail ar chorr ar bith agus ní bhfuair siad na fir ó shoin. Tuairim agus trí bliadhain i ndiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)