Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 279
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí buachaill in aon uair amháin agus ní rabh sé chliste ar chorr ar bith.”
Bhí buachaill in aon uair amháin agus ní rabh sé chliste ar chorr ar bith. Aon lá amháin chuir a mháthair go dtí t-siopa brothadhúra é le croidhe sgamain agus cruadh ae. Shiubhail sé leis agus é ag rádh "croidhe sgamain agus cruadh ae" "croidhe sgamain agus cruadh ae" agus chas fear air agus ní rabh fhios aige cé'n chineál sgéal a bhí aige agus arsa seisean. "Tá do chroidhe sgamaiin agus do chruadh é a d'ith orm" arsa an bhuachaill. Thug an fear buaileadh mhaith dó agus arsa seisean annsin. "Is maith nach bhfuigheadh tú é." "Is maith nach bhfuigheadh tú é, agus shiubhail sí leis agus é ag rádh, "Is maith nach bhfuigheadh tú é agus chas fear eile air agus arsa'n buachaill leis "Is maith nach bhfuigheadh tú é" Caidé tá le radh agat arsa fear rud ar bith arsa buachaill. An bhfacaidh tú dó ar an ród" arsan fear. Is maith nach bhfuigheadh tú é arsa'n buachaill. Thug an fear buaileadh eile do, agus arsa'n fear. Chuirfeadh tú síos, acht thiocfadh siad aníos.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ardvally, Co. Donegal