School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 30
  3. XML “Foireann Sheáin Ó Casaide agus an Píobaire Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fuireann Seáin O’Casaide as Málainnbheag tráthnóna amhain go mall ag tógbailt cliabh-ghliomach. Bhí said ag iasgaireacht sgadan go luath ‘sa lá agus fuair said lucht mór, agus d’fág sin iad mall ag dul fhad leis na cléibh gliomaigh ins an trathnóna.
    Bhí na cleibh curtha thart fá Chladach an Duilisc agus b’fada an giota sin suas ó Uaig Mhálannabige. Ar aon dhoigh nuair a bhi said ag tógbhail na gcléibh chuala said an seinm thuas ins an ált os a gceann.
    D’amharc said suas agus go díreach ar Dhroichead Fhar-a-Bhuin bhí píobaire beag ruadh ‘na shuidhe ag seinim ar na píoba.
    Bhí Seán O’h-Aoine ag tógbailt an chliabh d’eireannach, agus chaith sé an graiplín uaidh, agus arsa seisean “Deánaigidh ar an bhaile comh thiugh gear a’s thig libh a fheara”. Rinne said sin agus ní rabh ann go rabh said i n-am. D’éirigh an fhairrge agus dá bhfanfhad said leis an cliabh dheirinneac a thógbhail ní shroicfeadh said talamh [?] coidhche, nó níor tógadh an cliabh ariamh ina dhiaidh sin.
    Bhí seinim an phíobaire i gcomhnuidhe ‘na chomhartha dhomeanna ar an fairrge, ag iasgairí Mhálannabige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Ua g Fionnalaigh
    Gender
    Male
    Age
    93
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal