School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 31
- XML “Micí Néilín agus Hata 'Agent' an Tiarna Talaimh (Scéal Grinn)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ‘na chomhnuidhe I Mhálainn Bheag a dtugadh said Micí Néilín air. Ní dheacaidh Micí ariamh ‘un aonaigh nó ‘un margaidh nach n-ólfad sé gloinne, agus dálta moran fear eile bhí sé rud beag dearmadach nuair a bheadh gloinne ólta aige, Ar an adhbhar sin bhiodh a bhean leis go minicas bhaile.
Lá amhain chuaidh Micí ‘na Carraice leis an cíos a díol. D’ól sé cupla gloinne indiaidh dul ‘na bhaile mhóir, agus isteach leis ‘na t-seomra ina rabh “Agent” an Tighearna Talaimh ag glacadh na cíosa.
Bhain sé de a hata agus d’fág ar an table é. Bhí hata an tAgent ar an table fosta, acht nuair a bhi Micí ag imtheacht, thóg sé hata an fhir eile agus chuir ar a cheann é. Níor thug sé fá dear an dearmad go rabh sé tamall ar an tsráid, agus bhí oiread eagla air dul arias leis an hata (ar eagla go sílfeadh an fear eile gur ghoid sé é), gur imthigh se abhaile comh tuigh gear agus thainnig leis. Níor chuala sé ariamh ina dhiaidh sin ceocú bhí fhios ag an fhear nó nach rabh fhios cé tóg an hata, acht chongbuigh Micí é, agus é lán Shasta de’n mhalairt, acht ní doiche go rabh an scéal mar sin ag “Agent” an Tighearna Talaimh.- Informant
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal