School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 58

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 58

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 58
  3. XML “Na Trí Gaiscíoch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tarraingthe amach as. Bhí an diabhal caith na luighe cupla slat siar uaidh, agus a croidhe ‘na luighe ar an talamh. D’amharc an Gaiscidheach ortha, agus smaoitigh sé ar an íoc-shláinte, agus dar leis da gcuireadh sé an croidhe isteach i nGaiscidheach na Beilte Duibhe, agus cuid de’n íoc-shláinte a chuimilt air go ndeánfadh sé beo-beathach é. Ach, faraor géar, nuair a thóg sé suas an dá croidhe, sháruigh air deánamh amach céocú croidhe. Croidhe an Gaiscidhigh, acht le sin go díreach labhair neach os a gcionn, agus dubhairt sé leis “Croidhe mor an fir, agus croidhe beag an cait”. D’aithin sé annsin é. Chuir sé an croidhe ceart isteach ‘san Gaiscideach, agus bhain sé an buideál de mhuineal an chait. Ní rabh sé i bhfad ag deánamh cuideachta a bhí abhaile leis. D’imthig an dá Gaiscideach abhaile annsin. Nuair a rinne siad a suipear an oidche thuit an bheirt ‘un seanchuis. Dubhairt G. na Beilte Glaise leis, nuair a rinne sé leithid an oibre seo dó indiú go rabh sé b eag go leór aigesan rud éighinteacht a deánamh dó-san ar a shon. Rachaidh mise leat-sa amárach arsa seisean fhad leis an oilean a bhfuil ar ndheárbhrathar air. Maith go leór – maidin lathar na mharach ceanghail an bheirt ortha, agus bíodh fhios aghat-sa, nar fhás moran de fheár ghlas faoí na dha gcois gur tharlaidh iad isteach ar an oilean cheadna.
    Comh luath gear agus chuimil siad deór ioc-shláinte air, léim sé ‘ina sheasamh comh leice, luthmhair, aigeanta, agus bhí se ariamh ina shaoghál. Máigh O, arsa seisean nach mór a thuit an codhladh orm. Bhal le scéal fada a deánamh goirid, tharraing an triúir ar an chaislean ar a rabh nighean an Ríogh ag fanacht leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal