School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 59

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 59

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 59
  3. XML “Na Trí Gaiscíoch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a chonnaic sí é, ‘sé an rud a dubhairt sí, nach rabh sí ag gabhail dá leigint amach as a h-amharc níos mó. Posadh an bheirt i gcionn cupla lá agus mhair an bhainfhéis naoí lá agus naoí n-oidhche, acht ar an cheann deirinigh de’n naomadh lá, dubairt G. na B. Duibhe “Tá sé ag brúghadh suas go maith ar lá agus bliadhain ó d’fág mise cailín a dtug mé geallstan posta duithe ‘san Dómhan Thiar. “Bhal arsa Gaiscideach na Beilte Glaise ní racaidh tú gan cuideachta”, agus d’eirigh sé iná sheasamh. “Béidh mise leat go bun na shcríbe go bfeicfidh mé do bhean agus do áit comhnuidhe. Nuair a chonnaic G. na Beilte Deirge iad ar bhruach fágail, d’iarr sé cead ar a mnaoí ghabhail leóbhtha. D’imthig an triúir leóbhtha béal a gcinn le ‘na n-aghaidh ar an Domhan Thiar, agus biodh fios aghat-sa gur iomda cnoc agus mullach a bhí rompa, acht fá dheireadh sgraitigh, tuirseac, ocrac, tartach tharraing siad ar bun na sgríbe. Indiaidh fhad agus bhí nighean an Ríogh ag fanacht, ní rabh adhradh ar an luthghair a bhí oirthi.
    Posadh lathar-na-mharach iad, agus mhair an bhainféis sin fosta naoí lá agus naoí n-oidhche, agus nuair a bhí an bhainfhéis thart déirigh G. na Beilte Glaise ‘na sheasamh agus arsa seisean. “Tá sibhse posta, anois agus bhur rogha agaibh. Rachaidh mise annsoir mo Ríoghacht fhéin, agus d’fág sé slán agus beannacht acú, agus ón lá sin go dtí an lá indiú níor chualaidh mé iomrádh beó na marbh ortha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal