School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 62

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 62

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 62
  3. XML “An Táilliúr Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Bheadh an luthghair ormsa dá dtabhairfeá dídean an toighe damh go maidin agus sin a mbéidh mé a’ iarraidh ort”. “Bhal gheobhaidh tú sin agus céad fáilte arsa fear an toighe” Thainig an fear siubhail isteach agus shuidh sé. Thóg bean an toighe an pota agus thug sí plata beag brachain thart de’n uile dhuine aca. Nuair a bhí sin ithte aca thosuig siad a sheanchus. “Tá tusa do stáinseóirí thart annseo” arsa fear an toighe leis an fear siúbhail “Tá maise go dearbhtha arsa seisean, indeóin go bhfuil mé i gcomnuidhe a siubhal”. “Ní rabh me annseo ariamh ‘roimhe “Tá mé ‘mo thailliúr arsa seisean, agus nuair a gheibhim culaith éadaigh le deánamh fanam ‘san teach sin go gcríochnuighim é”. Siúbailim liom annsin go bfuighe me ceann eile le deánamh agus sin an dóigh atá orm ag deánamh liom mar sin. “Ach maise” arsa fear an toighe an lá indiaidh mo phósta fuair mé pronntanas culaith (adhbhar culaidh) éadaigh, agus ní rabh mé ín innibh oiread airgid a shabhail, nó spároil ó’n lá sin go dtí ‘n lá indiú ‘s dhíolfadh tailliúr lé í dheánamh damh. “Tabhair cugham go bhfeicfidh mé é arsa’n táilliúr. “Arú is cuma” arsa fear an toighe “Goidé’n mait é dó fheiceal” “Níl sé acht ag cuir buadhrtha ormsa” “Is cuma” arsa’n táilliúr. “Taighim an t-éadach go bfeicfidh mé é i gcás ar bith”. D’éirigh an bhean í fhéin agus thug sí an t-éadach dó’n táilliúr. Spréidh sé an t-éadach amach ar bhocsa. “Sin giota aoibhinn éadaigh ar sé, agus le cuidiughadh Dé imbarach go luath toiseochaidh mise ar an chulaith seo”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal