Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 324
- XML “Oileán Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann uair amháin agus indiaidh na bainrioghna bás a fháil bhí rún aige pósadh arís agus chuir sé ar shiubhal na trí mic a bhí aige go hOileán Glóire.Phós sé annsin.
Lá amháin chuaigh an bhainrioghan fhad le Cailleach na gCearc a bhí 'na comhnaidhe comhgarach aca. "Níl tusa ag cur amach dadai do na bochtaibh", arsa sise leis an Chailligh.Dubhairt Cailleach na gCearc gur chuig trí mhac an rígh a bhi in Oileán Gloóire a chuir sí iomlán.
" Chan féidir go bhfuil trí mhac ag an rígh?", arsa sise." Tá", arsa Cailleach na gcearc." Caidé'n dóigh a bhfeicfinn iad?, arsa sise.
D'innis Cailleach na gCearc di coileach a mharbhadh agus bolgam de'n fhuil a chur ina béal agus a rádh nach mbeidh sí beo mara bhfeicfidh sí tri mic an ríogh a bhí in Oileán Glóire.
Chuir an rí fá na gcoinne ar an bhomaite agus tháinig siad. Bhí an rí agus na trí mic ag dul amach a' sheilg nuair a dubhairt an bhainrioghan go gcaithfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Donegal