Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 325
- XML “Oileán Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mac is sine fanacht istigh ag imirt cluichthi leithese. Fuair an bhainrioghan an chéad chluiche. An darna lá bhí siad ag imtheacht amach fosda ach chonbhuigh sí istigh an darna mac agus fuair an chéad chluiche air.
An tríomhadh lá chaithfeadh an mac is óige fanacht istigh agus imirt leithe. Fuair an mac is óige an chéad chluiche.
Ba é an dlíghe " Tug do bheitheamhnas" a rádh leis an té a bhain a'cluiche.
" Tug do bhreitheamhnas", arsa sise.
"Níl mise ach le greann", arsa an mac is óige." Ní greann ar bith é", arsa sise.
" Tug fhéin do bhreitheamhnas", arsa seisean leithe.
" Cuirim tusa faoi gheasa droma draoidheachta gan tráth amháin bidh a ithe ag tábla amháin, nó dhá oidhche a chodladh i dteach amháin go mbeidh sibh 'sa Domhan Thoir ag Righ Dubh an Ghleanna agus an stail gorm a ghoid.
Cuirimse tusa faoi gheasa droma draoidheachta caitheamh díot go craiceann agus dul suas ar shimléar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall