School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 168
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a 2”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg.”
(continued from previous page)a bhí faoi agus arsa an fear beag. Thainig cathbuighthe orainn agus ba mhaith linn é a chongbhailt uait, ach nuair a chualaidh an Rígh an rud a bhí muid ag deánamh d’fhobhair go muirfheadh sé muid. Ach iarraim maitheamhnas ort. Dubhairt an fear go rabh sé ceart go leór.
D’imthigh an fear beag as amharc annsin agus chuaidh an fear bocht agus léim an chloch amach d’á thoil fhéin. Chonnaic an fear mála mór óir agus thug sé leis ún n-a bhaile é.Scéal a 2
“Bhí fear ann am amháin 7 bhí sé pósta. Ach fuair a bhean bás cupla oidhche indhiadh iad posta. Bhí an fear bocht iontach brónach i n-a diaidh.”
Sgéal a (2)
Bhí fear ann am amháin agus bhí sé pósta. Ach fuair a bhean bás cupla oidhche indhiaidh iad i posta.
Bhí an fear bocht iontach brónach i n-a dhiaidh. D’fág sé an baile i chomhnuidhe sé leis fhéin o sin amach.
Bhí mórán caorigh aige agus oidhche amháin gealaighe bhí sé amuigh ag amarch ortha chonnaic sé cionn mór amháin nar fhacha sé ariamh roimhe shíl sé go rabh dath ordha faoi an olainn. Chuaidh sé fhad leis an chaoira agus bhí fear beag in-a sheasamh taobh léithe. Labhair an fear beag go bog iséal(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Laodhóg
- Gender
- Female
- Informant
- Séaghan Mac Cnáimhsíge
- Gender
- Male
- Age
- c. 72
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal