School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ná bíodh eagla ort", a dubhairt sí, "ní dheanfaidh mise dochar ná dioghbhail duit. Chaith amach do shlat anois san fhairrge agus bí 'á cathamh amach agus á tarraingt isteach go mbéidh do sháith éisc agat".
Nuair a bhí an cliabh lán aige de iasc cheangal sé an t-slat de agus bhí an Mhaighdean Mhara à choimead rith an ama. D'amharc Peadar uirri agus dubhairt se - "Maise ó bhí tú fhéin go maith a's bhí tú, bhearfaidh mé duit do ráca, nó chaithfinn a ghabhail 'n-a bhaile gan iasc ar bith ach go bé tú", arsa Peadar go réidh macanta.
Chuaidh Peadar siar leis an ráca chuici.
"Seo do ráca, a bhean uasal," a dubhairt sé. "Fuair mé ar an t-slat annsin é agus ghlac mé taitneamh de". Níor mhaith le Peadar leigint air fhéin gur b'é a ghoid é.
"Bhal, a Pheadair", ar' sise, "ní fheadfainn imtheacht as an áit seo, mar bhfuiginn an ráca. Aon lá eile a thiocfas tú a iascaireacht balláin agus má marbhuigheann(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal