Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 332](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_332.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 332
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ná bíodh eagla ort", a dubhairt sí, "ní dheanfaidh mise dochar ná dioghbhail duit. Chaith amach do shlat anois san fhairrge agus bí 'á cathamh amach agus á tarraingt isteach go mbéidh do sháith éisc agat".
Nuair a bhí an cliabh lán aige de iasc cheangal sé an t-slat de agus bhí an Mhaighdean Mhara à choimead rith an ama. D'amharc Peadar uirri agus dubhairt se - "Maise ó bhí tú fhéin go maith a's bhí tú, bhearfaidh mé duit do ráca, nó chaithfinn a ghabhail 'n-a bhaile gan iasc ar bith ach go bé tú", arsa Peadar go réidh macanta.
Chuaidh Peadar siar leis an ráca chuici.
"Seo do ráca, a bhean uasal," a dubhairt sé. "Fuair mé ar an t-slat annsin é agus ghlac mé taitneamh de". Níor mhaith le Peadar leigint air fhéin gur b'é a ghoid é.
"Bhal, a Pheadair", ar' sise, "ní fheadfainn imtheacht as an áit seo, mar bhfuiginn an ráca. Aon lá eile a thiocfas tú a iascaireacht balláin agus má marbhuigheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall