Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 368

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 368

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 368
  3. XML “An Dóigh a dTáinig Blas Salainn ar an tSáile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an teach chomh geal leis an t-sneachta, agus chuaidh sé isteach go bhfeicfeadh sé an dtiocfadh leis an mhuic-fheoil a dhíol.
    Casadh fear aosta céillidhe sa doras air agus d’innis sé dó’n fear caidé a ghnoithe ‘un toighe. Chomhairligh an fear aosta do, gan an mhuic-fheoil a thabhairt uaidh muna bhfuigheadh sé an muillean láimhe a bhí ag taoibh an dorais, agus dá bhfuigheadh sé an muilleann go dtaisbeanfadh seisean do an dóigh a gcuirfeadh sé a ghabhail é agus an dóigh a stopadh sé arais é.
    Chuaidh sé annsin a dhíol na mui-fheola le bhunadh an toighe. Thairg shiad eallach agus caoirigh do ach deireadh seisean nach ndíolfadh sé í gan an muiullean láimhe. Thairg siad biadh agus deoch do, airgead agus ór, agus ‘acha’n chineal a dtiocfadh leo smaointuighadh air, ach níor mhaith leo an muillean a thabhairt do.
    Sa deireadh dhruid siad an marghadh; dhíol sé an mhuic-fheoil agus fuair sé an muillean láimhe. Tháinic an sean-dhuine amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Crosain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Meadhbh Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall