Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má éaluigheann tú anall thar an tráigh. Ach cé aca bhí sé go fairsing sin nó nach raibh ní thig lenn a rádh, ach tá fhios againn go raibh sé fairsing go leor fá na hoileain, agus go h-áirithe i n-oilean Árainn Mhór. Bhí muinntir an oileain uilig ag deanamh póitín anns an am seo a bhfuil trácht air. Bhí sagart ar an oilean agus bhí sé ag deanamh a dhíchill leis an phóitín a chur faoi chois. Chuaidh bunadhas na ndaoine ‘n-a éadan cionnas é bheith anuas ar an phóitín agus ba’ ‘n deireadh a bhí ar an scéal gur dhibir siad as an oilean é.
Annsin bhí siad seacht mbliadna gan sagarth ar bith, agus ar feadh na seacht mbliadhan sin níor pósadh aon lánamhain, agus níor báisteadh aon pháisde dá dtáinic ‘un t-saoghail ar an oilean. Bhí buaidhreadh mór ar an easbog, cunnas an t-oilean a bheith gan sagart, agus dar leis lá amháin go rachadh sé isteach ‘un oileain go bhfeicfeadh sé ar chaill siad an creideamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Somhairle Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal