Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 387

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 387

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 387
  3. XML “Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí cuid mór féir shuas ar an teach agus ba' mhaith leo an bhó a chur suas go n-íosfadh sí an féar. Tháinic Seaghan fhad leo agus chuir sé cheist ortha caidé bhí siad ag iarraidh a dheanamh. D'innis siad do. Chuir Seaghan ceist ortha an raibh corrán ar bith aca. Chuaidh fear ar lorg corráin agus nuair a tháinic sé leis, thug sé do Sheaghan é agus chuaidh sé suas ar an teach, ghearr sé an féar agus chaith sé anuas chuig an bhoin é. Nuair a tháinic sé anuas ó'n teach thug na fir crág airgid do agus dubhairt leis nach smaointeóchadh siad a choidhche an féar a gearradh.
    D'imthigh sé leis annsin agus ní dearn sé stad mara ná mór chomhnaidhe, ná go raibh sé ag caislean an ríogh. Bhuail sé ag an doras agus leigeadh isteach é. Bhí scaifte mór daoine annsin agus iad ag iarraidh an teine a chur isteach fríd an bhalla, ná bhí an rí 'n-a shuidhe ag an teinidh agus bhí sé ró-theith. Chuir an rí ceist ar Seaghan an dtiocfadh leisean réidhteach ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Iseabal Níc Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Somhairle Mac Giolla Chluig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal