School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 386](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_386.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 386
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 386
- XML “Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh Seaghan leis annsin i mbéal chinn agus dubhairt sé le n-a máthair ag imtheacht do nach bpillfeadh sé go gcastaoi mná air a bhí comh hamaideach leithe Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh scaifte mór mná air agus iad timcheall toighe ag iarraidh an teach a thionntughadh tart, nó b[hí] an ghaoth sa doras. Tháinic Seaghan fhad leo agus chuir ceist ortha caidé bhí siad ag iarraidh a dheanamh. D'innis siad do.
"Nach bhfuil dhá dhoras ar an teach?" arsa Seaghan, "agus ó thárla go bhfuil mholfainn dhaoibh doras na gaoithe a dhruid agus doras an fhascaidh a fhosgladh".
Rinn siad mar d'iarr Seaghan ortha agus ní raibh an gaoth sa doras annsin aca. Fuai[r] Seaghan airgead uatha ar son na comhairle a thug sé daobhtha.
D'imthigh sé leis agus lúthghair air, ach ní dheachaidh sé i bhfad eile go bhfacaidh sé scaifte mór daoine agus iad ag iarraidh bó a chur suas i mullach toighe(continues on next page)- Collector
- Iseabal Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Somhairle Mac Giolla Chluig
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall