Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dar leithe, dá dtabharfadh sí amach mála na mine, agus an mhin a chathadh ar leic go n-imtheóchadh an luchóg, agus annsin go dtiocfadh leithe an brachan a dheanamh. Ach, nuair a chaith sí an mhin ar an leic, d'imthigh sí leis an ghaoith agus ní raibh fhios aici caidé dheanfadh sí annsin.
Bhí gamhain ceangailte i gcionn an toighe Bhuail sí buille de'n tuairnín air agus mharbhuigh sí é. Nuair a tháinic Seonaí isteach chuir sé ceist uirri cad tuighe ar mharbhuigh sí an gamhain. Dubhairt sí nach raibh ghach aici le deanamh réidh fá choinne an dinneara.
"Agus caidé tháinic ar an mhin?" arsa Seonaí.
Dubhairt sí leis nuair a chuaidh sí a tabhairt leithe na mine gur rath luchóg bheag síos fríd an mhála agus nach raibh fhios aici caidé mar gheobhadh sí greim ar an luchóig, gur fhág sí an mála amuigh ar an leic agus nuair a chuaidh sí amach arais go raibh an mhin ar shiubhal leis an ghaoith. agus annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal