Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “Seonaidh agus Sinéad”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh Seonaí amach a' dh'obair agus tháinic fear bocht isteach agus cos bacach air. Dubhairt Sinead leis gur seo croc óir a fuair Seonaí fá n-a choinne an lá eile agus thug sí do croc an óir. D'imthigh sé sin, agus nídh nach iongnadh, lúthghair an t-saoghail air. Nuair a tháinic Seonaí isteach ó n-a chuid oibre d'innis sí do caidé rinn sí le croc an óir.
    "Amadáin", arsa Seonaí, "nach b'é an rud a bhí mise rádh, nuair a d'éireóchadh muid aosta agus nach mbéadh muid abalta oibriughadh gur mhaith an t-ór againn i ndeireadh an lae"
    Lá ar na bharach chuaidh Seonaí amach a dh'obair agus chuaidh Sinead a dheanamh brachain. Nuair a chuaidh sí síos go dtí mála na mine, rath luchóg bheag síos fríd an mhin agus annsin níor mhaith leithe brachan a dheanamh de'n mhin cionnas go raibh an luchóg innti agus ní raibh 'fhios aici caidé 'n dóigh a bhfuigheadh sí greim ar an luchóig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall