Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Seonaidh agus Sinéad”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fheoil a fhághail do fhéin. Chuaidh sé 'un toighe agus chuir ceist ar Sinead goide bhí na madaidh a dheanam anns an gharradh Thug sí rúide amach ar an doras agus dubhairt sí, "Béidh mo chuid feola uilig ithte ag na madaidh".
    Chuir Seonaí ceist uirri cad tuighe ar fhág sí an fheoil amuigh anns an gharradh.
    "Nár dhubhairt tú liom," ar' sise, "go rachfadh an fheoil leis an chál".
    "'Sé an rud a bhí mise rádh," arsa Seonaí, "go mairfeadh an fheoil rith an gheimhridh, agus go dtiocfadh linn cuid de'n chál a chur ar an t-súgh."
    Dubhairt Seonaí go gcaithfeadh siad imtheacht lá thar na bharach a chruinniughadh a gcodach, nó "ní'l gach ar bith againn le hithe anois", ar' seisean.
    Ar maidín lá thar na bharach nuair a bhí siad ag imtheacht i gcionn an mhála, d'iarr Seonaí ar Shinead an doras a tharraingt n-a diaidh agus tharraing. Nuair a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Grianna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall