School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 406
- XML “An Cailín Falsa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)béidh sí mar bhainríoghain agam fhéin."
Dubhairt an mháthair nach raibh aici ach í agus nach dtiocfadh leithe scaramhaint leithe, ach leig sí leis í anns an deireadh agus thug mac an ríogh leis n-a bhaile í. Bhí fáilte mór roimpi agus fuair sí suipear agus leabaidh mhaith an oidhche sin.
Maidín lae ar na bharach tháinic an t-sean-bhainríoghain fhad leithe agus thug sí isteach go dtí seomra í 'n-áit a raibh roithlean agus líon.
"Seo an obair a bhéas le deanamh agat indiu", ars' an bhainríoghain, "an líon seo a shníomh".
"Dheanfaidh mé mo dhícheall," ars' an cailín.
Ach nuair a d'imthigh an bhainríoghain thoisigh sí a chaoineadh. Ní fhacaidh sí roithlean ariamh roimhe sin, ná líon ach oiread. Tháinic bean bheag isteach ar an fhuinneoig, chuir sí ceist uirri caidé bhí uirri, ná cá tuighe a raibh sí ag caoineadh
"Tá an obair seo le deanamh agam agus pósfaidh mac an ríogh mé, má bhiom ábalta(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal