School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 416
- XML “Colainn gan Ceann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An oidhche sin nuair a bhí sé ag gabhail a dheanamh réidh bolgam tae do fhéin bualadh dhá taoibh an chaisleain ar a chéile agus aníos an t-urlár le Colainn gan Ceann. Níor bhog an buachaill bocht as an áit a raibh sé 'n-a shuidhe, agus chaith Colainn gan Ceann síos i lár an urláir, an pota tae a bhí ag an bhuachaill i chois na teineadh. D'éirigh an buachaill 'n-a sheasamh agus rinn sé an rud ceadna leis an phota
"Maith thú," arsa Colainn gan Ceann, "ní'[l] mo mhac fhéin nó mo ó ábalta teacht i mo chomhair. Bhí mise mo thighearna talaimh lá de'n t-saoghal agus bhí mé iongantach cruaidh ar na daoine bochta. Chuir mé an t-airgead, a bhain mé daoibthe go héagcóireach, i bhfolach. Tá croc óir faoi leic na teineadh; tá batal de nótaí faoi dhubhsraith an chaisleain agus tá croc airgid ghil faoi leic an dorais. Congbhuigh féin croc an airgid ghil agus rann croc an oir agus batal na nótaí ar(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal