Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 416
- XML “Colainn gan Ceann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An oidhche sin nuair a bhí sé ag gabhail a dheanamh réidh bolgam tae do fhéin bualadh dhá taoibh an chaisleain ar a chéile agus aníos an t-urlár le Colainn gan Ceann. Níor bhog an buachaill bocht as an áit a raibh sé 'n-a shuidhe, agus chaith Colainn gan Ceann síos i lár an urláir, an pota tae a bhí ag an bhuachaill i chois na teineadh. D'éirigh an buachaill 'n-a sheasamh agus rinn sé an rud ceadna leis an phota
"Maith thú," arsa Colainn gan Ceann, "ní'[l] mo mhac fhéin nó mo ó ábalta teacht i mo chomhair. Bhí mise mo thighearna talaimh lá de'n t-saoghal agus bhí mé iongantach cruaidh ar na daoine bochta. Chuir mé an t-airgead, a bhain mé daoibthe go héagcóireach, i bhfolach. Tá croc óir faoi leic na teineadh; tá batal de nótaí faoi dhubhsraith an chaisleain agus tá croc airgid ghil faoi leic an dorais. Congbhuigh féin croc an airgid ghil agus rann croc an oir agus batal na nótaí ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall