Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisce beatha uirri agus gur [rann]? sé cuid de thart ar na daoine a bhí anna chuideachta. Annsin dubhairt ar Slánuightheóir an sean-dhuine a fuair an leith-phighinn nach raibh a dhith air ach an leith-phighinn le céad punnta dheanamh; agus dubhairt sé go raibh an sean-dhuine shíos ag an abhainn, gur thuit sé amach agus go raibh sé ‘n-a luighe báidhte annsin agus na céad punnta ann a phoca aige.
D’iarr ár Slánuightheóir ar Cholm a ghabhail síos go dtí an abhainn, na céad punnta a thabhairt amach as phoca an t-sean-dhuine agus iad a leigint ar siubhal leis an t-srúth.
Chuaidh Colm síos, fuair sé na céad punnta, ach ní raibh sé sásta iad a leigint le srúth. Chuaidh ár Slánuightheóir fhad leis agus thug sé air an t-airgead a chathadh ar shiubhal, agus b’éigean do Colm an t-airgead a leigint ar siubhal leis an t-srúth, agus d’innis ár Slánuightheóir do Colm annsin go dtiocfadh duine éighinteacht a bhainfeadh níos mó úsaide as an airgead ná eisean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall