School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí inghean iongantach dóigheamhail ag rígh agus bainríoghain a mhair i nÉirinn lá de'n t-saoghal. Bhí páirc mhór taobh shíos de'n teach. Lá amháin bhí an cailín ag imirt liathróide anns an pháirc. Bhí poll mór uisce anns an pháirc agus thuit an liathróid isteach ann. Suidh an cailín síos ar an fhéar agus thoisigh sí a chaoineadh. Fá chionn tamaill chuir frog mhór aníos a ceann as faoi an uisce. Chuir sí ceist ar an cailín caidé bhí ag cur chaithte uirri. D'innis an cailín dithe go raibh sí ag imirt liathróide, gur thuit an liathróid i bpoll an uisce agus go muirbhfeadh a hathair í cionnas gur chaill sí an liathróid
Dubhairt an frog leithe annsin:- "Má gheallann tú damh-sa go leigfidh tú damh ithe ann do chuideachta agus luighe ann do chuideachta bheirfidh mé(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Síghle Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal