Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí inghean iongantach dóigheamhail ag rígh agus bainríoghain a mhair i nÉirinn lá de'n t-saoghal. Bhí páirc mhór taobh shíos de'n teach. Lá amháin bhí an cailín ag imirt liathróide anns an pháirc. Bhí poll mór uisce anns an pháirc agus thuit an liathróid isteach ann. Suidh an cailín síos ar an fhéar agus thoisigh sí a chaoineadh. Fá chionn tamaill chuir frog mhór aníos a ceann as faoi an uisce. Chuir sí ceist ar an cailín caidé bhí ag cur chaithte uirri. D'innis an cailín dithe go raibh sí ag imirt liathróide, gur thuit an liathróid i bpoll an uisce agus go muirbhfeadh a hathair í cionnas gur chaill sí an liathróid
Dubhairt an frog leithe annsin:- "Má gheallann tú damh-sa go leigfidh tú damh ithe ann do chuideachta agus luighe ann do chuideachta bheirfidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall