School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 011
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear nuair a bhíonn realtógaí ag damhsa ins an spéir go bhfuil sé fá choinne siocán.
Nuair a bhíonn na néalltaí ag reachtáil go tapaidh ins an spéir deirfear go bhfuil sé fá choinne stoirme. Nuair a bhíonn tuar ceatha ins an spéir tá sé fá choinne fearthainne. Nuair atá fáinne thart fá'n ghealaigh tá sé fá choinne fearthainne. Má bhíonn na madaidh thart fá'n teinidh deirtear go bhfuil sé fá choinne aimsire fuaire. Nuair a bhíonn na coirr gréine thart fá'n loch tá sé fá choinne fearthainne agus nuair atá siad thart fá'n fhairrge tá sé fá choinne aimsire maithe. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir tá sé fá choinne droch aimsire. Bíonn sé fá choinne stoirme nuair a bhíonn lasóg gorm ins an teinidh agus tá sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn an súithche ag tuitim. Bíonn sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn na fainleógaí thart fá na beanna. Nuair a bhíonn ceo ag éirghe as Carraig uir bíonn sé fá choinne droch aimsire. Nuair a bhíonn an ceó ag gabhail suas Loch Suilighe tá sé fá choinne aimsire maithe.- Collector
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal