School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 021
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Báthadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba ghnathach le cuid mhór de bhádaí na h-Albna a bheith ag iasgaireacht sgadán thart fá'n chosta seo uair amháiin. Oidhche amháin geimhridh chuaidh ceann aca darbh ainm The Prominent amach a iasgaireacht. Bhí fairrge mhillteanach throm ann. Ce bith caidé mar tharla sé chuaidh an bád síos. Níl fhios ag duine ar bith ó'n lá sin go dtí an lá indiu caidé'n dóigh no ca h-áit a dteachaidh sí síos. Tamall fáda na dhiaidh sin tháinig fear amháin aca isteach go dtí an costa báithte.
- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal
- Lá amháin chuaidh Seán Ó Baoighill agus Seán Ó Ceanainn amach i sean churrach ar a rabh poll. Chuaidh siad amach go Loch Cheann-a-Locha agus ní rabh siad i bhfad amuigh gur thoisigh an currach a líonadh d'uisge. Nuair a bhí siad chomhair a bheith baithte thoisigh siad ag caoineadh. Bhí athair Sheain Uí Cheanainn ag teacht aníos ó'n tráigh i ndiaidh bheith ag iasgaireacht agus chonnaic sé iad. Bhí sé na shnámhaidhe mhaith agus shnámh sé amach fhád leobhtha le na dtabhairt isteach. Nuair a chuaidh sé amach fhád leo léim fear(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal