School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 034
- XML “Áit a Raibh ar Thinidh”
- XML “Báthadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad in a gcomhnaidhe ann.
- Bhí beirt ghasúir na gcomhnaidhe i gCeann-a-Locha tamall fada ó shoin. Lá amháín bhí siad shíos ag an loch agus chonnaic siad currach na luighe cois an locha. Sean-churrach a bhí ann agus dubhairt siad go racadh siad amach go dtí an t-oilean go bhfeicfeadh siad na neadracha a bhí deánta ag na faoileógaí. Chuaidh siad amach ar an churrach agus nuair a fuair siad fhad leis an oileán tharraing siad an currach isteach go talamh. Nuair a bhí siad a dtarraingt isteach chuir siad poll ann ar charraig. Bhí siad amuigh annsin agus ní rabh siad ábalta fágháil isteach arais. Bhí athair cheann de na gasúirí ag teacht na bhaile ó'n tráigh agus chonnaic sé na gasúirí. Dubhairt sé leis na daoine a bhí leis go rabh sé fliuch agus go rachadh sé amach fá choinne na ngasúr. Bhí sé ábalta snámh a dheanamh go maith agus shnámh sé amach go dtí an t-oilean. Nuair a chuaidh sé amach go dtí an t-oileán dubhairt sé go dtabhairfeadh sé a ghasú féin isteach i dtoiseach. Annsin chuir sé a ghasúr féín ar a dhruim agus nuair a bhí siad amach giota beag shíl(continues on next page)
- Collector
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Gender
- Female
- Address
- Tuaim, Co. Donegal