School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 065
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Casán na gCaorach. Sin casán a bhí ag na daoine i bhfad ó shoin. Rachadh na caoirigh go dtí an cnoc. Ba ghnáthach leis na daoine ainmhidhthe eile a chur amach ar an chasán chéadhna.
Árd na Tonacán. Áit árd atá ins an áit sin. Ba ghnáthach le muintir an Oileáin na capaill a leigint annsin agus rachadh siad ar siubhal ar chosa i n-áirde.
Árd na n-Árnaí. Sin rúta a fhásann ar an Árd sin. Árnaí an t-ainm atá ar an rúta. Thig bláth beag gorm ar an rúta seo gach bliadhain.
Druim na Searra. Áit atá shíos ag an tráigh agus tugtar Druim na Searra air mar tá sé cosamhail le Druim Searraigh.
Ceallbhaire. Roimhe seo ba ghnáthach leis na daoine a bhí na gcomhnaidhe shíos ins an Oileán páistí beaga nach raibh baistighthe a chur annsin.
Sgoilt an Albanaigh. Marbhuigheadh Albanach annsin agus sin an fáth ar tugadh Sgoilt an Albanaigh air ó sin amach. - Árd Bán. Ins an t - samhradh éirigheann sé bán leis an gréin. Árdán Ruadh. Tá leach ruadh ann agus tá an t-ainm Árdán Ruadh air.
Lag an tobair. Bhí Tobar ann agus sin(continues on next page)- Collector
- Séamus É Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal