School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 069
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- MADADH RUADHBíonn madadh Ruadh 'na comhnaidhe ins na coillte. Tá sé fíor chliste. Lá amháin bhí fear ag teacht as na Dúnaibh le malach sgadáín. Nuair a tháinig sé go dtí an chéidh atá ar an taobh eile de'n Maoil Ruaidh chonnaic sé madadh ruadh 'na luighe marbh annsin mar d'eadh. Nuair a bhí sé ag teacht treasna an Maoil Ruaidh chaith sé an madadh Ruadh isteach san bhád. Smaointigh sé go mbaineadh sé an croiceann de nuair a rachad sé aráis na bhaile. Nuair a tháinig sé go dtí an taobh seo de'n Maoil Ruaidh chaith sé na sgadáín agus an madadh ruadh isteach ins na cliabha. Nuair a d'amharc sé thart chonnaic sé go rabh an madadh ruadh ar siubhal agus cuid mhór de na sgadáín caillte. D'amharc sé giota maith na dhiaidh agus chonnaic sé an madadh ruadh ag cruinnuighadh na sgadáín agus ag rachtail ar siubhal leo. Thig sé thart fá na toighe ins an oidhche agus bheir sé ar shiubhal cuid mhór cearc agus lachan.
EASÓGDéirtear gur ainmhidhe fíor dholba an easóg. Da gcuirfhea fearg olc air tionntóchadh sé thart agus chuiread sé a ruball in a bheal agus chruinneochadh sé sgaifte easóg thart ort agus iosfadh siad tú.
GRAINNEÓG FHÉIRAinmhidhe fíor bheag is é an Ghrainneóg Fhéír. Bíonn a theach leis ar a dhruim i gcomhnaidhe. Tá cumhdach mór aige agus é lán dealg. Da gcaithfea(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chealachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal