School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
![The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 097](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_097.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 097
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 097
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thart ó theach go teach ag díol na sguab. Mar sin de tugadh Máire na Sguab mar ainm uirthí.Bhí cosa fíor mhór ar Tham na Spág. Bhíodh sé ag dul thart ag díol rudaí.Ba ghnáthach le Mairghead A' Bata a bheith ag dul thart ó theach go teach ag cruinnuighadh a codach. Nuair a thiocfadh an Corgas i gcomhnuidhe rachadh sí amach go teach Mhata Moor mar ní thiocfadh leithe a h-urnaigh a rádh agus ní bheadh aice le na rádh i dtoigh Mhata Moor mar teach gallda a bhí ann.Tháinig Pat Inbhear agus Seámus Inbhear as áit a dtugadh siad Inbhear air. Bhíodh siad ag dul thart annseo ag cuartughadh déirce.Ní rabh Máire Goosíe ábalta siubhal agus chaitheadh duine as teach amháin í a iomchar go dtí an teach eile.Bhí Betty Brocach bodhar. Ba ghnáthach leithe botha a bheith leithe agus bhíodh sé ag díol rudaí. Nuair a bhéadh damhsaí ins an sgoil roimhe seo bhéadh sí acu agus bhéadh an botha aici annsin agus bhéádh sí ag díol milseán.Bhéádh Padaí na gCat ag dul thart annseo agus cliabh ar a dhruim aige agus bhéadh cuid mhór púisiní leis ins an chliabh. Sin an tuige a tugadh Padaí na gCat(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal