School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 122
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an Chréig-Áird agus i mBaile Úr i gcomhair staisiúin na Croise. Tá na clocha in a seasamh thart i bhfáinne ins an talamh.Deirtear na paidreacha ceudhna ag na clócha seo agus deirtear ag staisiúin na Cróise. Leigheasadh cupla duine ag tobar Duimhche Móire. Bíonn daoine ar a mbíonn piantaí ar lorg leighis ag na tobair seo.Ólann na daoine an t-uisge agus cuimileann siad dóbhtha féín é mar leighis. Bheireann siad cuid dé'n usige abhaile leó. Bheirean siad lan buideáil nó mar sin abhaile leó.Fágann siad cuid d'á gcuid éadaigh ag an tobhar i nDruim na Créige. Fágann daoine eile boin ag an tobar. Ceanglann siad an t-éadach do na tuir bheaga atá thart fá'n tobar agus fagann siad na boin ar charnán de chlocha atá os cionn an tobair.Níl iasc i dtobar ar bith aca. Thug duine cuid dé'n uisce abhaile leo le maistreadh a bhuaileadh acht dámbéadh siad a buialeadh ó shoin ní thiocfadh leó im ar bith a fhágháil ó'n bhainne.Níl crainn ar bith in aice an tobair acht tá cuid mhór tor thart fá'n tobar.
- Collector
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal