School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 156
  3. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    culaith do duine ar bith. Bíonn éadach le díol acu. Seo na gleasanna. Siosúr, Snathad, Snáith, agus iarann smúdala.
    Bhí talliúr ann fadó agus bhí sé ag dul a phosadh ar bean. Ach bhí feirmeóir ag dul a phosadh ar an bhean chéadna. Ach lá amháin bhí an feirmeóir ag cainnt leis an bhean agus dubhairt sé go rabh a tailliúr dall ach chuaidh an bhean isteach chuig an tailliúr agus nuair a chonnaic sí an tailliúr ag cuartughadh fá choinne na snáithe agus nuair nach rabh sé ábalta an t-snáith a shágháil ní ghlacadh sí é. Ach dubhairt an tailliúr go rabh an feirmeóir bacach. D'iarr an tailliúr ar an bhean a dhul go dtí an cuibhreann agus a bheith ag amharc ar an feirmeóir ag treabhadh agus go dtabhairfeadh sí fá dear go rabh an feirmeóir bacach. Chuaidh sí go dtí an áit a rabh an feirmeór ag obair. Bhí cos amuigh aige agus cos astoigh aige. Shílthea go rabh sé bacach. Nuair a chonnaic an bhean seo ní ghlacadh sí duine ar bith acu. Ach ghlac sí duine eile. Ceannuightear an snaith ins na siopaí anois. Tá túirne againne sa bhaile. Bhí sí briste ar feadh tamaill ach choirigh muid í. Ní chaitheann na daoine éadaigh speisialta anois.
    Seán Ó Baogihill, Tuaim
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Address
    Tuaim, Co. Donegal