School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 163
- XML “Díol agus Ceannacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige agus bhéárfadh sé laethe oibre do'n fhear sin san earrach.Deirtear go mbéidh ádh ar ghnaithe ar bith a toisghtear Dia Máirt agus go mbéidh mí-ádh ar ghnaithe ar bith a thoisightear Diardaoin. Roimhe seo ní dhíolfadh duine ar bith chomhair a bheith ainmhidhe Dia Domhnaigh agus tá corr dhuine nach ndíolfadh iad go fóill Dia Domhnaigh.Bíonn margadh i Ros-na-Cille i gCeathramha-Caoil agus i mBaile na nGallóglach. Tá siad sin uilig ann go fóill.Bá ghnáthach le fearr a bheith ag gabhail thart ag díol éadaigh agus pionnaí agus rudaí mar sin. Bhíodh sé ag cruinnigheadh fionnaidh capaill agus croichne chuinín. Bhéarfadh sé péire stocaí nó rud éiginteacht mar sin ar an oiread seo croicne no fionnaidh.Deirtear má bheireann duine airgid duit nuair atá tú ag gabhail ar aistear agus píosa trí pighne a bheith ann deirtear nach mbéidh ádh ort mur gcaithfidh tú an píosa trí pighne i chead uair. Tomás Mac an t-Saoir, Seanach
- Collector
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal