School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 164
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins na bailte móra a bhíodh na h-aontaí uilig fadó. Bíonn aonach i mBaile na nGallóglach ar an tríomhadh lá fichid de gach mí. Bíonn aonach eile i gCeathramha Caoil ar an sémhadh lá de gach mí fosta. Bíonn margadh i Ros-na-Cille ar an tríomhadh lá de gach mí.Níl aon áit ins an cheanntar a dtugtar páirch an aonaigh uirthi. Teidheann ceannuidhthe ó teach go teach anois corr uair le eallach a cheannacht.Ní rabh níos mó aontaí ann fadó na mar tá anois. Tá páirc spéisealta i sráid gach baile in a mbíonn an t-aonach fá choinne an aonaigh. Ní dh ioltar aon "Toll" ar na beithidhgigh a díoltar anois. Díoltar i gConndaethe eile é acht ní dhíoltar ins an conndae seo é.Bheirtear Luck's Money le gach beaithidheach a díoltar ag na h-aontaí anois. Airgead Ádhbhail an t-ainm Gaedilge a chuala mé air. Má's capall nó bó a táthar a dhíol bheirtear deich sgillinge aráis mar airgead adhbhail acht má's muc no caorach a táhar a dhíol bheirtear leath choróin no cúig sgillinge aráis. Nuair a bhíonn duine ag ceannacht capaill no bó deireann sé leis an díoltar, "bheirfidh mé an oiread seo duit ma bheireann tú punnta aráís damh. Má druideann siad an margadh ar an phunnta a thabhairt aráis béidh sin matih go leor, acht má deireann(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal