School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
![The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 167](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_167.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 167
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 167
- XML “An Tiarna Talaimh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mharbhuigh fear darbh ainm Micheál Mac Giolla Bhuidhe agus fear darbh ainm Ó h-Oireachtaigh as Baile Fíor-Uisge an tighearna.Lá dlighidh a bhí ann agus bhí Liadhtrom ag gabhail go dtí an cúirt agus bhí an bheirt seo in a luighe roimhe ag Coill Chreatlach agus sgaoil siad sé urchar leis agus b'éigean dóbhtha é a mharbhadh le cois an ghunna. Marbhadh an tiomanaidhe agus an beathach fosta. Bhí fear eile darbh ainm "Cincade" agus tiomanaidhe darbh ainm Ó Luage ag teacht in a dhiaidh. Chuaidh an tiomanaidhe chuig an ghabha le na bheathach agus chuir an gabha toirnge i gcruth an bheathaigh agus rinne bacach é mar bhí fhios aige go raibh seo ag gabhail a thárla. Shábháil seo eisean mar bhí an beathach bacach agus chá raibh sé ábalta congbháil suas leis an bheathach eile. Chuaidh an bheirt a mharbhuigh é go Baile na nGallóglach fá choinne péire bróga mar b'fhior. Chuaidh Ó h-Oireachtaigh go Baile na nGallóglach fá choinne péire bróga agus chuaidh an fear eile trí chnoc na Raithneach agus anuas cnoc Colmha agus é costarnocht. Bhí a leine cumhdaighthe le fuil agus bhain sé de í amuigh ins na cnuic agus nigh sé í agus chuir arais í agus tháinig na bhaile agus fuair sé ashiubhal saor (?). Beireadh ar an fhear eile agus cuireadh i bpríosún é agus fuair sé bás sa phríosún. Fuair na gárdaí na gunnaí ins an(continues on next page)
- Collector
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Seanach, Co. Donegal