School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Townparks, Co. Galway
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Page 0142
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha - Paidir na Leaba”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá paidreacha mar seo ag na sean-daoine:- nuair a thagann duine isteach i dteach deireann sé "Bail ó Dhia oraibh go léir." Nuair a n-imthigheann sé deirtear leis:- "go ngéarrfaidh do bhóthar leat."
Deirtear ar éirge ar maidin:- Go dtiubhraidh Dia saor linn trí an lá." Nuair a cuireann duine isteach ann ar dhuine eile a mbíonn ag obair deireann sé leis "Bail ó Dhia ar an obair." Nuair a bhíonn duine ag sníosnúd" deirtear go léir "Dia linn." Bíonn beannachtaí i mbéalaibh na ndaoine igcomhnaidhe. Nuair a bhíonn duine ag dul abhaile thar éis cainnt le dhuine eile deireann sé "Slán leat" agus freagruigheann an duine eile leis "Slán leat go deó."- Collector
- Patrick Doyle
- Gender
- Male
- Informant
- Mr Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Beannuighim isteach sa leabaidh seo,
Íslighim ar mo thaobh dheas's codlaim ar mo thaobh chlé,
Dúiltuighim do'n olc, agus iompuighim le Mac Dé,
Tugaim mé féin suas do' truir is fearr
An t-Athair, an Mac, 's an Spiorad Naomh,
Ceithre coirnéal ar mo leabaidh; ceithre h-Aingle orra scartha,
Má fhághaim bás as seo go maidin Flaitheas Dé do mo anam(continues on next page)