School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Suilleabháin Béara i bPort Omna.
I dtosach Mí Eanair sa mbliadhain 160[?] shroich Ó Suilleabháin Béara bruach na Sionainne áit éicint idir Mílic agus Port Omna. Gort an Chatha (Gortaha) a[tá] air faoi láthair. Bhí sé féin agus a lucht leanamhna ar a mbealach ó thuai[dh] go Breifne thréis Chath Cinn tSáile, ag[us] nuair a tháinig siad go bruach na Sionainne bhí fuarloch san abhainn. Ní raibh bád le fágháil le daoine iomhramh[?] anonn go Síol Anmachadha agus bhí sirriam Ur-Mhumhan, Donnchadh Mac Aodhaga[in] ag cruinniú a chuid fear, le faobhar claidhimh a imirt ar na Suilleabhánaigh.
Acht bhí beirt ar an dream beag fear a bhí i gcuideachta na Suilleabhánach, duine acu an saor-bháid a b'fearr a bhí i gConnamara agus an duine eile an saor-bháid a b'fearr a bhí i mBéara.
Thosuigh an bheirt seo ag obair agus b[a] ghearr an mhoill ortha dhá churrach a dheana[mh](continues on next page)