School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0334
- XML “Scéal Greannmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach ann uair amháin in a comhnuidhe i dteach bheag le-n-a mac. Amadán do b'eadh an mac áirithe seo, agus ní raibh an bhean bhocht in ann rud ar bith a chur i gcéill dó.
Lá amháin dubhairt sí leis, a dhul isteach ar an aonach agus an bhó a dhíol, acht an pinginn do b'aoirde a fhágháil uirthi. Chuala comharsa an sgéal agus shocruigh sé in a aigne féin go bhfuigheadh sé an bhó dó féin. Ar aghaidh leo - an bheirt. Bhí páirc an aonaigh lán de dhaoinibh, agus thiomáin an buachaill an bhó isteach roimhe go dí an pháirc. Níorbh fhada ann é nuair do tháinig an fear eile suas chuige agus bata droighinn in a láimh aige.
"An mó atá ag taisteál uait ar an mbuin sin?" ar seisean(continues on next page)