School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
![The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0032](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0062%2FCBES_0062_0032.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0032
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Máirtín, thugadar leó é agus chuireadar san bpriosún é agus chaith sé dhá bhliain ann.
Ní raibh Seán Buidhe Blácach i bfad san áit nuair a cailleadh é agus cuireadh é tamall anoir ó Bhearna - tá tomba mór san áit atá sé curtha.
Dá mbeadh an Blácach dul in aon áit chaitheadh an té a mbeadh an capall is fearr aige an capall sin thabhairt dó.
Bhí muinntir na gCreagáin na gcomhnuidhe shios thart ar an gcaisleán agus an talamh shíos ann saothruighthe acha acht dibir na Blácaigh suas ar an sliabh iad agus cead aca an portach annsin a shaothrughadh n bás fhághail le'n ocras.
Bhíodh ar daoine dul ag obair doibh nuair a d'iarrfaidis iad.
Chuiridis a gcuid caiple isteach i bpáirc le duine éigin - an páirc a bfearr - agus ní leigfeadh faitchios dóibh bacadh leó.
An t úan caorach a thaithneochadh leó chaithfeadh duine é thabhairt aca agus níl uan ar bith a b'fearr leó na uan dubh.- Informant
- Tadhg Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway