Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 342
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá túairim is ceathrar táilliúir sa pharróiste anois. Sa mbaile in a dtíghte féin a n-oibrigheann siad. Ní theigheann siad thart o thígh go tígh mar bíonn a lán oibre le déanamh aca.
Ní dhíolann an táilliúir aon éadach. Tugann na daoine an bréidín isteach chuige agus déanann sé cultacha dhóibh. Siad na gléasanna atá ag táilliúr:- ineall fuaghála, siosúr, méarachán, snáth, snáthad, cailc, agus slat tomhais. Deireann an sean fhocal 'chomh doimhin le méarachán táilliúra'.
Nuair a bhíonn's an táilliúr ag obair bíonn sé in a shuidhe suas ar an mbord agus a dhá chois crapthe faoi agus é ag fuághál dóibh fein chómh maith is atá sé in ann. Déantar léinteacha as flainnín in gach tigh anois mar sin é an sórt a caithean's na sean daoine. Ceannuightear cuid de'n flainnín sa siopa ach déanann an fígheadóir cuid eile de sa bhaile. Déantar báininí freisin san áit. Ní dhéantar aon léinteacha lín-éadach san áit, ceannuightear cuile ceann aca sin ins na siopaí.
Cniotáltar stocaí i ngach teach. Déanann cuid de na daoine an snáth. baineann siad an olann de na caoirigh, agus cárdáileann siad é. Annsin casann siad é le túirne agus cniotáltar na stocaí leis an snáth. Nígheann siad na stocaí agus bíonn siad go h-an dheas. Fághann siad a lán dúiseanna le stocaí ag an 'Seó' gach bliadhain. Tá túirne beag i ngach teach sa ceanntar seo mar déanann chuile dhuine snáth agus cniotálann siad stocaí, gansaí, miotógaí, agus seáilíní leis.
Ní caitheann na daoine aon éadaighe speisiálta ar aon ócáid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway