School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 438](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_438.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 438
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 438
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag obair' agus 'tháinigeamar chun Sílighe dheis' agus a lán eile mar sin. Cluiche eile a bhíonn muid ag imirt seadh 'An Capaillín Bán' agus dathanna.
Cruinnigheann muid na cailíní go leir le chéile agus annsin tosuigheann muid ag comhaireamh agus an chéad duine a dtiocfaidh deich air beidh sé mar aingeal mar dheadh agus an dara duine a dtiocfaidh fiche air beidh sé 'na dhiabhal. Seasann na cailíní go léir suas le taobh an bhalla agus tugann duine amháin dathanna do na cailíní go léir- dubh, bán, gorm, dearg, corcra, buidhe, glas agus donn. Annsin fógruigheann an diabhal ceann agus fógruigheann an t-aingeal ceann agus mar sin de. Is iomdha cluiche a imrigheann muid ag an scoil agus sa mbaile.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway