School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 051
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá páirc ar feilm Tadhg Ó Feinneadha agus sé an t-ainm atá air Páirc an Céardcháin.”
Tá páirc ar feilm Tadhg Ó Feinneadha agus sé an t-ainm atá air Páírc an Ceárdcháin. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar bhí céardcháin ins an gort uair amháin agus níl ann anois ach clochaí agus cruinnte. I gClochain tá cúpla páirc ar a dtugtar Páirc Cloch. Uair amháin bhí clochaí ar fad ins na páirceanna seo agus sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin air.Sé an fáth go bhfuil an t-ainm "Bán Mór" ar an áit seo mar bhí páirc mór ann fadó agus cuireadh siad na caoraí isteach ann san oidhche ar eagla go gcuirfeadh an mactíre ar ruaig ortha. Bhí talamh bán ins an páirc sin freisin. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar Garraidhe Mór mar bhí garradihe mór ann fadó agus ní raibh duine ar bith in acómhnuidhe ann.Tá páirc ag Maírtín O Brian i Sliabh Fionn agus sé an t-ainm atá air, "Páirc Páidín h-Áigh". Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar bhí fear dárbh ainm Páidín h-Áigh ina cómhnuighe ann. Tá paírc eile i Sliabh Fionn agus Paírc na Reabha mar bhíodh na daoine ag chur reabha ins an gort sin fadó.(continues on next page)