Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- Cregmore, Co. Galway
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 218
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a mhill tú nuair a marbhuigh tú an t-éan". Dfan an Gaisgidheach sa gcaisleán leó ar feadh trí lá. An lá in a dhiaidh sin chuaidh an Gaisgidheach go dtí an Gruagach. Nuair a bhí an t-éan marbh aige chuala sé a lán caoineadh acht ní fhaca sé aoinne. Dubhairt an bhean leis go raibh faitchios uirthí nac raibh an Gaisgidheach indhon do'n Gruagach agus dubhairt an Gaisgidheach leí, "Ó bhainfidh mise ceart dó feicfid tú féin". Dubhairt an bhean leis "Ar faithchios nac mbainfeá racaidh mé féin leat." D'imthigh an Gaisghidheac annsin go dtí teach an Gruagaigh agus do bhuail sé ar an gclog. Níorbh fhada go dtáinigh an Gruagach amach cuige agus d'fiafruigh sé dé céard a bhí uaidh agus dubhairt seisean go raibh sé ar cóir aon fhir. "Ní fhada go mbeidh sé sin agat" arsa na Gruagach ag dul ar ais. Caith sé tamall maith istigh nó gur tháinigh sé amach agus é gléasta in a culaith gaisgeach. Do sheas siad in aghaidh a chéile ag imirt a chuiche gaisgeach agus ní raibh aon sáth a thug an Gaisgideach do'n Gruagach nár sgiorrfadh thar ais mar a sgiorrfahd de mar carraig cluiche. Bhí an Gaisgidheach dearg le fuil nuair a dubhairt cailín an caisleán "Cé'n fáth nac gcuimnigheann tú céard dubhair mé leat. Chomh luath agus labhair an cailín chuimhnigh an Gaisgidheach ar féin. Rinne sé chómh láidir air agus d'fhéad sé , agus bhí fearg mhór air mar bhí sé ag eirighe lag an t-am seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cregmore, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cregcarragh, Co. Galway