School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 317
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fraoch. THugadh siad abhaile beart mór fraoigh, agus dhéanfadh siad sguabanna dhe. Cgeannglóchadh siad an fhraoch lé dreiscacha.
Fadó nuair a bhéadh ar na daoine olann a dhathú bhéadhtrioblóid mhór ortha. Dá mbéadh dath donn uatha théigheadh siad amach ag bainne caonach. Bíonn sórt caonach ag fás ar na clocha agus is é an t-ainm atá air, sgraith-chloch aca cuireadh siad síos i bpota in-éineacht leis an olna é. Dá mbéadh dath dubh uatha théigheadh siad i gcoinne láibe. Sórt puiteach é agus ní'l sé lé fághail acht i gcorr áit.
Nuair a bhéadh siad ag dathú lé láib bhíodh ortha feárnóga a chur síos leis an olann. Tugtar ruamadh air sin. Ní bhéadh aon mhaith leis an láib gan an olann a bheith nuamaidh leis na fearnóga.
Dá mbéadh dath buidhe uatha bhéadh ortha sméara dubha a chur síos leis an olann. Bhéadh an dath sórt buidhe nuair a bhéadh an pota(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Peadar Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Doon, Co. Galway