Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 317
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fraoch. THugadh siad abhaile beart mór fraoigh, agus dhéanfadh siad sguabanna dhe. Cgeannglóchadh siad an fhraoch lé dreiscacha.
Fadó nuair a bhéadh ar na daoine olann a dhathú bhéadhtrioblóid mhór ortha. Dá mbéadh dath donn uatha théigheadh siad amach ag bainne caonach. Bíonn sórt caonach ag fás ar na clocha agus is é an t-ainm atá air, sgraith-chloch aca cuireadh siad síos i bpota in-éineacht leis an olna é. Dá mbéadh dath dubh uatha théigheadh siad i gcoinne láibe. Sórt puiteach é agus ní'l sé lé fághail acht i gcorr áit.
Nuair a bhéadh siad ag dathú lé láib bhíodh ortha feárnóga a chur síos leis an olann. Tugtar ruamadh air sin. Ní bhéadh aon mhaith leis an láib gan an olann a bheith nuamaidh leis na fearnóga.
Dá mbéadh dath buidhe uatha bhéadh ortha sméara dubha a chur síos leis an olann. Bhéadh an dath sórt buidhe nuair a bhéadh an pota(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe