School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 323
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a gheobhadh sé. Geobhadh sé sgór punt, bó agus coingear caoire. Caitheadh siad dhéanamh suas cé'n lá a mbéadh an posadh ann agus déireadh siad Diardaoin mar sé an lá is sone é. Tiochadh an fear chuig teach na mná ar maidin agus go leó daoine in éinfeacht leis agus cruinniú mór daoine insan teach roimhe. Bhíodh lá maith acab ag an mbainfheis ag ithe 'gus ag ól go dtí a ceathar a chlog tráthonóna. Caitheadh an lánamhain annsin a dhul chuig teach an Phobail agus Pósadh annsin iad. Deirtear gur éadach gorm an t-éadach is sona a bheith ar an mbean. Bhíodh pisreóga acab fresin; déireadh siad pér bith cé acha do'n lánamhain phósta a rachadh amach as teach an Pobail ar dtús tar éis a bposadh gur bé a chaillfidhe ar dtúis.
- Collector
- Máire Ní Uigínn
- Gender
- Female
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó hUigínn
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Doon, Co. Galway